4 Ba mhór agus b'fhairsing í an chathair ach ba bheag é a líon daoine, gan aon tithe nua tógtha.
5 Bhuail mo Dhia isteach i mo cheann ansin tionól a chur ar na huachtaráin, ar na feidhmeannaigh, agus ar an bpobal d'fhonn áireamh a dhéanamh ar na daoine de réir finí. D'aimsigh mé clár ginealach na muintire úd a d'fhill den chéad iarracht agus seo mar a fuair mé scríofa ann:
6 Seo iad muintir an chúige a d'fhill ó bhraighdeanas agus ó dheoraíocht. Tar éis a ndíbeartha ag Nabúcadnazar rí na Bablóine, d'fhill siad ar ais go Iarúsailéim agus go Iúdá, gach duine chun a bhaile féin.
7 D'fhill siad le Zarubáibil, Iéisiúa, Nihimiá, Azairiá, Ráimiá, Nachamánaí, Mordacaí, Bilseán, Mispirit, Bigví, Nahúm, Báná.Liosta na bhfear do phobal Iosrael:
8 clann mhac Pharois, dhá mhíle céad seachtó a dó;
9 clann mhac Sheafaitiá, trí chéad seachtó a dó;
10 clann mhac Árach, sé chéad caoga a dó;