59 clann mhac Sheafaitiá, clann mhac Haitíl, clann mhac Phoiceirit-haz-Zabáím, clann mhac Amón.
60 Líon iomlán na dtíolacthach agus clann mhac dhaoir Sholaimh: trí chéad nócha a dó.
61 Tháinig an mhuintir seo leanas ó Théil Mealach, Téil Harsá, Carúb, Adón, Iméir - ach níorbh fhéidir dóibh a chruthú gur de bhunús Iosraelach a bhfiní ná a sinsir:
62 clann mhac Dhaláiá, clann mhac Thóibíá, clann mhac Nacódá - sé chéad daichead a dó.
63 Ar chlann na sagart: clann mhac Habaiá, clann mhac Hacóz, clann mhac Bhairzilí - fear a phós ceann d'iníonacha Bhairzilí an Gileádach agus a ghlac a ainm.
64 Rinne an mhuintir sin cuardach i gcláracha a gcraobh sinseartha, ach ní bhfuair siad lua orthu féin iontu i dtreo gur coimeádadh amach as an tsagartacht iad amhail is dá mba neamhghlan dóibh.
65 Dúirt an gobharnóir leo gan na bianna coisricthe a chaitheamh nó go bhfaighfí sagart a rachadh i gcomhairle leis na hÚirím agus na Tuimím.