15 A luaithe a chuala siad é sin, [d'fhógair] siad ina gcathracha go léir agus in Iarúsailéim: “Téigí faoi na sléibhte agus tugaigí libh géaga de chrainn olóige, píne agus mirtil agus pailme agus de chrainn chraobhacha eile le scáthláin a dhéanamh mar atá scríofa sa leabhar.”
16 Chuaigh an pobal amach agus thug leo iad agus rinne scáthláin dóibh féin, gach duine ar dhíon a thí féin, agus ina gclósanna, agus i gclósanna Theampall Dé, ar chearnóg Gheata an Uisce agus ar chearnóg Gheata Eafráim.
17 Rinne comhthionól iomlán na muintire a d'fhill ó dheoraíocht scáthláin agus chuaigh chun cónaithe iontu; ní dhearna clann Iosrael riamh a leithéid ó laethanta Iósúa mac Nún go dtí an uair sin. Bhí lúcháir mhór ann.
18 Lá i ndiaidh an lae ó thús deireadh, léadh Eazrá sleachta as leabhar dhlí Dé. Cheiliúir siad an fhéile ar feadh seacht lá, agus ar an ochtú lá bhí comhthionól sollúnta de réir mar a bhí ordaithe.