8 Léigh Eazrá giotaí as leabhar an dlí, agus thug aistriú agus míniú orthu don phobal ionas go dtuigfidís a raibh á léamh.
9 Ansin dúirt (an gobharnóir, Nihimiá agus) Eazrá an sagart agus an scríobhaí (agus na Léivítigh a bhí ag teagasc an phobail) leis an bpobal go léir: “Lá atá coisricthe don Tiarna bhur nDia is ea an lá seo. Ná bígí ag caoineadh ná ag olagón.” Mar bhí an pobal go léir ag sileadh na ndeor nuair a chuala siad briathra an dlí.
10 Ansin dúirt sé leo: “Imígí libh, ithigí an tsaill agus ólaigí fíon milis agus cuirigí cuid díobh chun an té nach bhfuil aon ní ullamh aige. Óir tá an lá seo coisricthe dár dTiarna. Ná bíodh brón oraibh óir is é áthas an Tiarna bhur neart.”
11 Agus chiúnaigh na Léivítigh an pobal go léir á rá: “Bígí ar bhur suaimhneas; is lá coisricthe é seo; ná bíodh brón oraibh.”
12 Agus d'imigh an pobal go léir leo a ithe agus a ól agus a thabhairt scaireanna uathu agus a dhéanamh gairdis toisc gur thuig siad brí na nithe a fógraíodh dóibh.
13 An dara lá chruinnigh cinn finí an phobail ar fad agus na sagairt agus na Léivítigh timpeall Eazrá an scríobhaí le staidéar a dhéanamh ar bhriathra an dlí.
14 Agus fuair siad scríofa sa dlí a d'aithin an Tiarna trí Mhaois: “Tá clann Iosrael le maireachtáil i scáthláin le linn féile an tseachtú mí.”