10 Rinne tú éachtaí agus míorúiltí in aghaidh Fhorainn,In aghaidh a shearbhóntaí go léir agus mhuintir uile a thíre;Óir bhí a fhios agat a theanntásaí a bhí siad leo.Thuill tú cáil duit féin a mhaireann fós inniu.
11 Dheighil tú an mhuir rompu;Ghabh siad cosa tirime tríd an mórmhuir.Chaith tú an dream a bhí ar a dtóir isteach sa duibheagán,Mar a dhéanfaí cloch sa chuilithe.
12 Mar cholún néil threoraigh tú iad sa láAgus mar cholún tine san oíche,Leis an mbealach rompu a shoilsiú,An bealach a bhí acu le triall.
13 Tháinig tú anuas ar Chnoc Shíonái,Agus labhair tú leo ó na flaithis.Thug tú dóibh treoracha córa,Dlíthe cinnte,Reachtanna agus aitheanta maithe.
14 Thug tú eolas dóibh ar do shabóid naofa;Shocraigh tú aitheanta (agus reachtanna) agus dlí dóibh,Trí Mhaois do shearbhónta.
15 Thug tú arán ó neamh dóibh lena n‑ocras a shásamh.Agus thug tú na caisí uisce ón gcarraig dóibh dá dtart.D'ordaigh tú dóibh gabháil isteach,Agus seilbh a thógail ar an talamhA mhionnaigh tú a thabharfá dóibh.
16 Ach d'éirigh siadsan agus ár sinsir uaibhreach,Agus le barr ceanndáine chuir siad suas do d'aitheanta.