17 Dhiúltaíodar géilleadh, gan cuimhne acu ar na hiontaisA rinne tú dóibh.D'éirigh siad ceanndána,Agus [rith sé leo] fiú filleadh ar an Éigipt, agus ar a ndaoirse.Ach is Dia maithiúnais thú,Lán de chineáltas agus de thrócaire,Mall chun feirge, gan teorainn le do bhuanghrá;Níor thréig tú iad.
18 Nuair a rinne siad lao dóibh féinDe mhiotal leáite agus go ndúirt siad:‘Sin é bhur nDia a thug sibh aníos as an Éigipt,’Agus gur thugadar diamhasla duit go mór,
19 Le barr trócaire ní dhearna tú iad a thréigean san fhásach;An colún néil a threoraigh iad sa láNíor fhág sé iad,Ná an colún tine san oíche,Leis an mbealach a bhí rompu a shoilsiú dóibh.
20 Thug tú do dhea-spiorad dóibh lena dteagasc,Agus níor dhiúltaigh tú manna dá mbéala.Thug tú uisce lena dtart a mhúchadh.
21 Chothaigh tú iad ar feadh daichead bliain san fhásach;Ní raibh aon ní de dhíth orthu;Ní dheachaigh caitheamh ar a gcuid éadaigh,Ná at ar a gcosa.
22 Thug tú dóibh ríochtaí agus pobail,Agus bhronn tú gach feorann orthu;Ghabh siad seilbh ar chríocha Shíochon rí Heisbeon,Agus ar chríocha Óg rí Bháiseán.
23 Chuir tú an rath ar a sliochtMar a bheadh réaltaí nimheAgus threoraigh tú isteach iadSa tír a dúirt tú lena sinsir a ghabháil agus a shealbhú.