5 agus dúirt na Léivítigh Iéisiúa, Caidmíéil, Báiní, Haisibniá, Séiribiá, Hóidíá, Seabainiá agus Patachiá: “Éirígí agus beannaígí an Tiarna bhur nDia trí shaol na saol.Moladh leat, a Thiarna ár nDia,Trí shaol na saol!Moladh le d'ainm glórmharA sháraíonn gach moladh agus móradh.
6 Tusa amháin is Tiarna;Rinne tusa na flaithis, flaithis na bhflaitheas, lena gcóiriú go léir,An talamh agus a torthaí go léir,Na farraigí agus a bhfuil ina gcrioslach.Chuir tú anam sna nithe sin go léir;Agus cromann sluaite na bhflaitheas os do chomhair.
7 A Thiarna, is tú an DiaA thogh Abrám,A thug as Úr na gCaildéach amach é,Agus a thug Abrahám mar ainm air.
8 Fuair tú dílis ó chroí os do chomhair é;Rinne tú conradh leisGo dtabharfa dó tír an Chanánaigh,An Hivigh agus an Amóraigh,An Phirizigh, an Iabúsaigh, an Ghiorgáisigh,Dó féin agus dá shliocht.Chomhlíon tú do ghealltanas,Óir is cóir é thú.
9 Chonaic tú cruachás ár sinsir san Éigipt;Chuala tú a nglao le hais Mhuir na nGiolcach;
10 Rinne tú éachtaí agus míorúiltí in aghaidh Fhorainn,In aghaidh a shearbhóntaí go léir agus mhuintir uile a thíre;Óir bhí a fhios agat a theanntásaí a bhí siad leo.Thuill tú cáil duit féin a mhaireann fós inniu.
11 Dheighil tú an mhuir rompu;Ghabh siad cosa tirime tríd an mórmhuir.Chaith tú an dream a bhí ar a dtóir isteach sa duibheagán,Mar a dhéanfaí cloch sa chuilithe.