1 Tiomóid 2 ABN

Treoir faoin Urnaí

1 Ar an ábhar sin, impím ort sa chéad áit go ndéanfaí urnaithe agus achainíocha agus iarratais agus altú ar son an uile dhuine, agus go háirithe ar son ríthe agus an lucht ceannais uile,

2 le súil go bhféadfaimis ár saol a thabhairt go diaganta cráifeach faoi shuaimhneas agus faoi shíocháin.

3 Is maith agus is taitneamhach sin le Dia ár slánaitheoir.

4 Is áil leis go slánófaí an uile dhuine agus go gcuirfidís eolas ar an bhfírinne.

5 Mar níl ann ach aon Dia amháin, agus níl ann ach an t‑aon idirghabhálaí amháin idir Dia agus an cine daonna, mar atá an duine Críost Íosa

6 a thug suas é féin in éiric orthu uile; sin í an fhianaise a tugadh ina mhithidí féin;

7 ní bréag atáim a rá ach an fhírinne lom - ceapadh mise i mo bholscaire agus i m'aspal aige chun an creideamh agus an fhírinne a mhúineadh do na gintlithe.

8 Ba mhaith liom, dá bhrí sin, go mbeadh na fir ag guí gach uile áit agus a lámha tógtha acu go hómósach, gan fearg ná aighneas.

9 Ar an gcuma chéanna ba mhaith liom go ndéanfadh na mná iad féin a chóiriú go modhúil stuama in éadaí slachtmhara, gan trilseáin ná ornáidí óir ná péarlaí ná feisteas mórluaigh,

10 ach iad féin a mhaisiú le dea-oibreacha mar a oireann do mhná a bhfuil meas na cráifeachta acu orthu féin.

11 Fanadh an bhean ina tost, áfach, agus bíodh sí ag foghlaim le barr umhlaíochta.

12 Ach ní cheadaímse di aon teagasc a thabhairt ná bheith ina ceann ar an bhfear ach í a fhanacht ina tost.

13 Mar ba é Ádhamh is túisce a cumadh agus Éabha ina dhiaidh.

14 Agus níorbh é Ádhamh a mealladh; ba í an bhean a mealladh agus a thit i bpeaca.

15 Slánófar í, áfach, trí chlann a iompar, má chloíonn sí go stuama leis an gcreideamh, leis an ngrá agus leis an gcráifeacht.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6