1 Deir an Spiorad go dearfa go dtréigfidh daoine áirithe an creideamh sna haimsirí deiridh mar go dtabharfaidh siad aird ar na spioraid bhréagacha agus ar an teagasc a thagann ó na deamhain.
2 Meallfar iad le cur i gcéill lucht éithigh, daoine a bhfuil a gcoinsias mar a bheadh sé brandálta leis an iarann dearg.
3 Coisceann siad daoine ar phósadh agus ar bhianna áirithe a ithe, cé gur chruthaigh Dia na bianna sin don mhuintir a chreideann ann agus a chuir eolas ar an bhfírinne chun go gcaithfidís iad go buíoch.
4 Mar is maith gach ní dar chruthaigh Dia agus ní ceart diúltú do rud ar bith má ghlactar leis go buíoch
5 mar go ndéanann briathar Dé agus an urnaí rud naofa de.
6 Má chuireann tú na treoracha sin os comhair na mbráithre, beidh tú i do sheirbhíseach fónta ag Íosa Críost, mar go mbeidh tú do do chothú ar bhriathra an chreidimh agus an teagaisc fholláin atá leanta agat.