13 Tabhair aire don léitheoireacht phoiblí, don tseanmóireacht agus don teagasc go dtí go dtiocfaidh mé.
14 Ná déan faillí sa tíolacadh atá agat, an tíolacadh a bronnadh ort nuair a labhair na fáithe leat agus nuair a leag na seanóirí a lámha ort.
15 Caith do dhúthracht leis na nithe sin agus bí ag gabháil dóibh chun go mba léir do chách an dul chun cinn atá á dhéanamh agat.
16 Tabhair aire duit féin agus do do theagasc. Lean den obair, mar má dhéanann tú amhlaidh, sábháilfidh tú thú féin agus do lucht éisteachta.