6 Má chuireann tú na treoracha sin os comhair na mbráithre, beidh tú i do sheirbhíseach fónta ag Íosa Críost, mar go mbeidh tú do do chothú ar bhriathra an chreidimh agus an teagaisc fholláin atá leanta agat.
7 Ach seachain finscéalta baotha úd na gcailleach. Aclaigh tú féin chun saol cráifeach a thabhairt.
8 Is beag an tairbhe an aclaíocht choirp, ach is mór go deo an tairbhe an chráifeacht, mar go bhfuil tuar na beatha inti abhus agus thall.
9 Is barántúil agus is iontaofa go hiomlán an ráiteas é sin.
10 Mar is é fáth a bhfuilimid ag obair agus ag coimhlint, de bhrí go bhfuil ár ndóchas againn as Dia beo, an té atá ina shlánaitheoir ar chách uile agus go háirithe ar an muintir a bhfuil an creideamh acu.
11 Lean ort ag fógairt agus ag teagasc na nithe sin.
12 Ná lig d'aoinne tú a dhíspeagadh mar gheall ar d'óige ach bí i d'eiseamláir do na creidmhigh ar chaint agus ar iompar, ar ghrá agus ar chreideamh agus ar naofacht.