1 Ná tabhair casaoid do sheanduine ach déan tathant air mar a dhéanfá ar d'athair. Déan le fir óga mar a dhéanfá le do dheartháireacha.
2 Bí le seanmhná mar bheifeá le do mháthair agus le mná óga mar bheifeá le do dheirfiúracha, go geanmnaí i gcónaí.
3 Tabhair ómós do bhaintreacha atá ina mbaintreacha dáiríre.
4 Ach má tá clann nó clann chlainne ag baintreach, tuigidís sin gurb é céad dualgas atá orthu cuidiú lena dteaghlach féin agus cúiteamh a dhéanamh lena dtuismitheoirí, mar gurb áil le Dia é sin.
5 An bhean atá ina fíorbhaintreach agus atá fágtha ina haonar sa saol, bíonn a muinín aici i nDia agus leanann sí ag guí agus ag urnaí de lá agus d'oíche.
6 Ach an bhaintreach atá aerach, tá sí marbh cheana féin d'ainneoin í bheith beo.