16 Aon chreidmheach mná a bhfuil daoine muintire léi ina mbaintreacha, tugadh sí féin aire dóibh agus gan iad a bheith ina n‑ualach ar an eaglais chun go bhféadfadh an eaglais teacht i gcabhair ar na fíorbhaintreacha.
17 Na seanóirí a chruthaíonn go maith mar uachtaráin, tá a dhá oiread onóra ag dul dóibh, agus iad siúd go háirithe a chaitheann a ndúthracht leis an tseanmóireacht agus leis an teagasc,
18 mar go ndeir an scrioptúr: “Ná cuir pusachán ar an damh agus é ag satailt an arbhair” agus “is fiú an fear oibre a thuarastal”.
19 Nuair a chuirtear coir i leith seanóra, ná géillse dó ach amháin ar fhocal a dó nó a thrí d'fhinnéithe.
20 Déan lucht an mhí-iompair a cheartú go poiblí, áfach, d'fhonn an chuid eile acu a scanrú.
21 I bhfianaise Dé agus Íosa Críost agus i bhfianaise na n‑aingeal atá tofa aige cuirim de gheasa ort na rialacha sin a choinneáil gan leathchuma, gan camadh gan claonadh.
22 Ná bíodh aon deabhadh ort ag leagan lámh ar dhuine ar bith agus ná bí páirteach i bpeacaí daoine eile. Coinnigh tú féin saor ó locht.