3 Tabhair ómós do bhaintreacha atá ina mbaintreacha dáiríre.
4 Ach má tá clann nó clann chlainne ag baintreach, tuigidís sin gurb é céad dualgas atá orthu cuidiú lena dteaghlach féin agus cúiteamh a dhéanamh lena dtuismitheoirí, mar gurb áil le Dia é sin.
5 An bhean atá ina fíorbhaintreach agus atá fágtha ina haonar sa saol, bíonn a muinín aici i nDia agus leanann sí ag guí agus ag urnaí de lá agus d'oíche.
6 Ach an bhaintreach atá aerach, tá sí marbh cheana féin d'ainneoin í bheith beo.
7 Tabhair an foláireamh seo don phobal d'fhonn nach mbeadh locht le fáil orthu:
8 an duine nach ndéanann aon chúram dá mhuintir agus do lucht a theaghlaigh féin go háirithe, tá an creideamh séanta aige agus is measa é ná an díchreidmheach.
9 Ná cláraítear aon bhaintreach nach mbíonn an seasca bliain slán aici. Caithfidh sí gan a bheith pósta ach aon uair amháin