1 Iad sin atá faoi chuing na daoirse, tuigidís ina n‑aigne go bhfuil gach ómós ag dul dá máistrí le heagla go gcaithfí dímheas ar ainm Dé agus ar an teagasc.
2 Sclábhaithe a bhfuil creidmhigh mar mháistrí acu, ná bíodh aon drochmheas acu orthu i dtaobh gur bráithre dóibh iad; ní hea ach déanaidís a ndualgas níos díograisí fós toisc gur creidmhigh agus lucht páirte na daoine a bhainfidh leas as a saothar.Déan na nithe sin a theagasc agus a fhógairt.
3 Duine ar bith a thugann a mhalairt de theagasc agus nach réitíonn le briathra fónta ár dTiarna Íosa Críost, leis an teagasc atá de réir na cráifeachta,
4 is ag borradh le bród atá sé agus gan aon tuiscint aige ach cíocras air chun aighnis agus conspóide, nithe nach dtagann dá mbarr ach éad agus achrann, achasáin agus drochamhras
5 agus an iomarbhá úd a bhíonn ag daoine a bhfuil a n‑intinn ag meathlú agus an fhírinne caillte acu. Is dóigh leo gurb údar saibhris an chráifeacht.
6 Is mór an t‑údar saibhris í an chráifeacht go deimhin, an té a bhíonn sásta lena chuid.
7 Mar níor thugamar aon ní isteach sa saol ná ní féidir dúinn aon ní a thógáil as.