3 Duine ar bith a thugann a mhalairt de theagasc agus nach réitíonn le briathra fónta ár dTiarna Íosa Críost, leis an teagasc atá de réir na cráifeachta,
4 is ag borradh le bród atá sé agus gan aon tuiscint aige ach cíocras air chun aighnis agus conspóide, nithe nach dtagann dá mbarr ach éad agus achrann, achasáin agus drochamhras
5 agus an iomarbhá úd a bhíonn ag daoine a bhfuil a n‑intinn ag meathlú agus an fhírinne caillte acu. Is dóigh leo gurb údar saibhris an chráifeacht.
6 Is mór an t‑údar saibhris í an chráifeacht go deimhin, an té a bhíonn sásta lena chuid.
7 Mar níor thugamar aon ní isteach sa saol ná ní féidir dúinn aon ní a thógáil as.
8 Dá réir sin má bhíonn bia agus éadach againn, beimid sásta.
9 Iad sin a mbíonn dúil sa saibhreas acu titeann siad i gcathú agus gabhtar sa líon iad ag na hainmhianta iomadúla baotha díobhálacha úd a tharraingíonn daoine ar bhealach a millte agus a mbascaithe.