1 Mise Pól aspal - ach ní ó dhaoine ná trí dhuine ach trí Íosa Críost agus Dia an tAthair, a thóg ó mhairbh é.
2 Táim féin agus a bhfuil i mo theannta de na bráithre ag cur ár mbeannachta chuig eaglaisí na Galaite.
3 Grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost
4 a thug suas é féin in éiric ár bpeacaí chun sinn a fhuascailt ón saol urchóideach seo de réir mar ba thoil le Dia ár nAthair
5 moladh go deo leis. Amen.
6 Is ionadh liom a thapúla atá sibh ag tréigean an té a ghlaoigh oraibh i ngrásta Chríost agus ag iompú ar dhea-scéal eile.
7 Níl aon dea-scéal eile ann ar ndóigh ach go bhfuil daoine áirithe ag cur mearbhaill oraibh agus ag iarraidh dea-scéal Chríost a chur as a riocht.