Galataigh 4 ABN

Saorchlann Dé

1 Is é a mheasaim a rá, a bhráithre: fad a bhíonn an t‑oidhre mionaoiseach, ní bhíonn difríocht ar bith idir é agus an daor, siúd is gur leis an t‑eastát ar fad,

2 ach é faoi réir chaomhnóirí agus riarthóirí nó go dtagann an t‑am a bhíonn ceaptha ag an athair.

3 Is é an dála céanna againne é: fad a bhíomar mionaoiseach, bhíomar mar a bheadh daoir faoi smacht ag dúile an tsaoil seo.

4 Ach nuair a tháinig iomláine na haimsire, sheol Dia uaidh a mhac, a rugadh ó bhean agus é faoi smacht an dlí,

5 d'fhonn an mhuintir a bhí faoin dlí a fhuascailt agus go ndéanfaí clann altrama dínne.

6 Agus mar chruthú gur clann mhac dó sibh chuir Dia Spiorad a Mhic inár gcroí agus “Abba, a Athair” á screadadh aige.

7 Ní daor tú feasta mar sin ach mac; agus más mac thú is oidhre thú chomh maith de dheonú Dé.

8 Lá den saol nuair nach raibh aon aithne agaibh ar Dhia, bhí sibh ag seirbhís do dhéithe nár dhéithe iad dáiríre.

9 Anois, áfach, tá aithne curtha agaibh ar Dhia nó, ba chirte a rá, tá aithne curtha ag Dia oraibh. Cad ab áil libh, dá bhrí sin, bheith ag filleadh ar na dúile dearóile suaracha úd d'fhonn dul ag daoirseacht dóibh athuair?

10 Agus sibh ag comóradh laethanta féile agus míonna agus ráithí agus blianta!

11 Is eagal liom gur in aisce a chaith mé dua libh!

Fáth na Fuarchúise

12 Impím oraibh, a bhráithre, teacht ar aon dul liomsa faoi mar a tháinig mise ar aon dul libhse. Ní dhearna sibh aon éagóir orm.

13 Tá a fhios agaibh gurb easláinte choirp faoi deara dom an dea-scéal a fhógairt daoibh don chéad uair;

14 agus bíodh gur mhór an chros oraibh an bhreoiteacht chéanna níor ghlac sibh col ná déistin liom ach fáiltiú romham mar a d'fháilteodh sibh roimh aingeal ó Dhia nó roimh Íosa Críost féin.

15 Cad a d'imigh ar bhur gcroíúlacht? Ar m'fhocal daoibh go sracfadh sibh bhur súile amach agus iad a thabhairt dom, dá mb'fhéidir é.

16 An bhfuilim i mo namhaid anois agaibh de chionn go bhfuilim ag insint na fírinne?

17 Ní le dea-rún atá na daoine eile úd ag déanamh cúraim mhóir díbhse; níl uathu ach sinne a dhealú amach uaibh ionas go ndéanfadh sibhse cúram mór díobh féin.

18 Is breá an rud mór a bheith á dhéanamh díbh má dhéantar le dea-chroí é agus ní amháin nuair a bhím in bhur láthair ach an t‑am ar fad.

19 A chlann ó, táim mar bheinn ar luí seoil libh arís nó go gcumtar Críost ionaibh.

20 Is trua nach bhfuilim in bhur measc an nóiméad seo agus bheadh a mhalairt de phort agam daoibh, de bhrí go bhfuilim i ngalar na gcás agaibh.

Solaoid Hágár agus Sárá

21 Sibhse arb áil libh bheith faoi réir an dlí, ceist agam oraibh: an gcloiseann sibh a bhfuil le rá ag an dlí?

22 Óir tá scríofa go raibh beirt mhac ag Abrahám, mac acu ón daorbhean agus an duine eile ón tsaorbhean.

23 Rugadh mac na daormhná ar an ngnáthshlí ach is de bharr gealltanais a rugadh mac na saormhná.

24 Tá fáthchiall leis an méid sin: seasann an bheirt bhan sin don dá chonradh. Bean amháin acu, is é sin le rá, Hágár, a rug a leanbh i ndaoirse, seasann sí sin don chonradh a tugadh ar Shliabh Shíonái -

25 sliabh san Aráib is ea Síonái agus freagraíonn sí do Iarúsailéim an lae inniu mar go bhfuil Iarúsailéim agus a clann i ndaorbhroid.

26 Is saorbhean, áfach, an Iarúsailéim neamhaí, agus is ise is máthair dúinne

27 mar tá scríofa:“Bíodh gliondar ort, a bhean aimrid nár shaolaigh clann!Ardaigh do liú a bhean nach raibh riamh ar luí seoil.Óir is líonmhaire clann na mná tréigthena clann na mná a bhfuil fear aici.”

28 Is sibhse, a bhráithre, an chlann a rugadh de bharr gealltanais, dála Íosác.

29 Ach faoi mar a tharla an uair úd go mbíodh an mac a rugadh go nádúrtha ag géarleanúint an mhic a rugadh faoi luí an Spioraid, is é an dála céanna inniu é.

30 Ach cad é seo a deir an scrioptúr: “Caith amach an daorbhean agus a mac, mar ní bheidh aon pháirt go deo ag mac na daormhná in oidhreacht mhac na saormhná.”

31 Dá réir sin, a bhráithre, ní clann daormhná sinne ach clann na saormhná.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6