13 Ach d'fhuascail Críost ó mhallacht an dlí sinn nuair a rinneadh rud mallaithe de féin ar ár son mar tá scríofa: “Is mallaithe cách a chrochtar ar chrann.”
14 Tharla amhlaidh chun go dtitfeadh beannacht Abrahám ar na gintlithe in Íosa Críost agus go bhfaighimisne, tríd an gcreideamh, an Spiorad a bhí geallta.
15 Tógaimis sampla ón ngnáthshaol, a bhráithre. Nuair a bhíonn uacht daingnithe mar is cuí, ní dhéanann aon duine í a chealú ná cur léi.
16 Anois, is d'Abrahám agus dá shíol a tugadh na gealltanais, agus féach ní “do do shíolta” atá ráite faoi mar bheifí ag tagairt dá lán daoine, ach “do do shíol” - ag tagairt don aon duine amháin, is é sin, do Chríost.
17 Ach is chuige seo atáim: an conradh a bhí daingnithe ag Dia, ní féidir don reacht a tháinig i bhfeidhm ceithre chéad agus tríocha bliain ina dhiaidh sin an conradh sin a chur ar ceal agus an gealltanas a chur ar neamhní.
18 Más le ceart dlí a thagann an oidhreacht, ní de bharr gealltanais í a thuilleadh. Is trí ghealltanas, áfach, a bhronn Dia ar Abrahám í.
19 Cad chuige an dlí mar sin? Cuireadh leis an gconradh é toisc na gcionta nó go dtiocfadh an síol úd ar tugadh an gealltanas dó. Ordaíodh trí bhíthin aingeal é le cabhair idirghabhálaí.