3 Conas a d'fhéadfadh sibh bheith chomh héaganta sin? Tar éis daoibh tosú leis an Spiorad, an bhfuil sibh ag críochnú anois leis an gcolainn?
4 An saothar in aisce a bhfuil gafa tríd agaibh? má ba in aisce é.
5 Nuair a bhronnann Dia an Spiorad oraibh agus éachtaí a dhéanamh in bhur measc, an de bharr an dlí a chomhlíonadh a dhéanann sé amhlaidh nó de chionn gur chreid sibh an teachtaireacht
6 dála mar a rinne Abrahám; chreid seisean Dia agus áiríodh ina fhíréantacht aige é.
7 Bíodh a fhios agaibh mar sin gurb iad lucht an chreidimh atá ina gclann ag Abrahám.
8 Chonaic an scrioptúr roimh ré gur de bharr an chreidimh a fhíréanódh Dia na gintlithe agus réamhfhógair an dea-scéal sin d'Abrahám: “Beannófar ionatsa na náisiúin uile.”
9 Fágann sin gurb iad lucht an chreidimh atá beannaithe mar aon le hAbrahám, fear an chreidimh.