3 Is é an dála céanna againne é: fad a bhíomar mionaoiseach, bhíomar mar a bheadh daoir faoi smacht ag dúile an tsaoil seo.
4 Ach nuair a tháinig iomláine na haimsire, sheol Dia uaidh a mhac, a rugadh ó bhean agus é faoi smacht an dlí,
5 d'fhonn an mhuintir a bhí faoin dlí a fhuascailt agus go ndéanfaí clann altrama dínne.
6 Agus mar chruthú gur clann mhac dó sibh chuir Dia Spiorad a Mhic inár gcroí agus “Abba, a Athair” á screadadh aige.
7 Ní daor tú feasta mar sin ach mac; agus más mac thú is oidhre thú chomh maith de dheonú Dé.
8 Lá den saol nuair nach raibh aon aithne agaibh ar Dhia, bhí sibh ag seirbhís do dhéithe nár dhéithe iad dáiríre.
9 Anois, áfach, tá aithne curtha agaibh ar Dhia nó, ba chirte a rá, tá aithne curtha ag Dia oraibh. Cad ab áil libh, dá bhrí sin, bheith ag filleadh ar na dúile dearóile suaracha úd d'fhonn dul ag daoirseacht dóibh athuair?