1 D'fhonn is go mbeimis saor is ea a d'fhuascail Críost sinn. Seasaigí go daingean dá bhrí sin agus ná cuirtear sibh faoi chuing na daoirse athuair.
2 Seo mise Pól á rá libh nach ndéanfaidh Críost aon mhaitheas daoibh má dhéantar timpeallghearradh oraibh.
3 Dearbhaím arís don uile dhuine a ndéantar timpeallghearradh air, go bhfuil sé de dhualgas air an dlí a choimeád ina iomláine.
4 Agus sibhse a bhíonn ag lorg na fíréantachta sa dlí tá sibh dealaithe ó Chríost agus tá gnaoi Dé caillte agaibh.
5 Is ón gcreideamh, áfach, atáimidne ag súil leis an bhfíréantacht a fháil faoi luí an Spioraid.