19 Is follas iad gníomhartha na colainne, mar atá drúis gáirsiúlacht agus graostacht;
20 íoladhradh agus asarlaíocht; eascairdeas, achrann, agus formad; fearg, bruíonta, clampar agus faicsin,
21 éad, (murdail,) meisce, ragairne, agus a leithéid eile. Táim ag tabhairt foláirimh anois daoibh faoi mar a thug mé cheana: an mhuintir a dhéanann nithe den sórt sin ní bhfaighidh siad ríocht Dé mar oidhreacht.
22 Is é toradh a thugann an Spiorad uaidh, áfach, grá, lúcháir, síocháin, foighne, cineáltas, dea-chroí, dílseacht,
23 láchas agus measarthacht. Agus níl aon reacht in aghaidh a leithéidí sin!
24 Agus iad siúd a bhaineann le Críost Íosa tá siad tar éis a gcolainn agus a cuid paisean agus mianta a chéasadh ar an gcrois.
25 Ós é an Spiorad atá dar mbeoú, leanaimis a threoir.