15 Is cuma timpeallghearradh, nó gan timpeallghearradh, ach cruthú as an nua.
16 Síocháin agus trócaire ar an uile dhuine a leanann an prionsabal seo agus ar Iosrael Dé.
17 Ná bíodh aon duine do mo bhuaireamh as seo amach, mar tá marcanna ár dTiarna Íosa Críost ar mo chorp agam.
18 Go raibh grásta ar dTiarna Íosa Críost agaibh, a bhráithre. Amen.