1 Timóteuis 2 BEDELL

Caibidil II

Onoir dúachdaranuibh; 9 cúlaidh iomchudbhuidh, 11 agus ciuinas na mban ó theagusg choitchionn do thabhairt úatha.

1 Uime sin teaguisgim, thair gach éinní, athchuinghe, guidhe, urnuighe, agus altughadh, ar son na huile dháoineadh;

2 Ar son na ríghtheadh, agus ar son na nuile agá bhfuil cúmhachda; chum ar mbeatha do chaitheamh go sm mbeatha do chaitheamh go súaimhneach siothchánta dhúinn a nuile chráibhtheachd agus chneasdachd.

3 Oír is maith agus is geannamhuil so a bhfíadhnuise Dé ar Slánaightheóir;

4 Ré ar mían na huile dháoine sháoradh, agus íad theachd chum eólais na fírinne.

5 Oír is áoin Ndía atá ann, agus áon eidirmheadhontóir eidir Dhía agus dháoinibh, eadhon an duine Iósa Críosd;

6 Noch tug é féin na fhúasgladh ar son na nuile dháoineadh, mar fhiadhnuise a nám iomchubhaidh.

7 Chum ar hórduigheadh misi um sheanmóntuigh, agus um absdal, (lábhruim a nfírinne a Gcríosd, ní dhéunuim bréug; um fhear teaguisg na Gcineadhach, a gcreideamh agus a bhfírinne.

8 Uime sin as mían rium na fir do dhéunamh úrnuighe sa nuile áit, ag tógbháil súas a lámh náomhtha, gan fheirg gan amharus.

9 Agus na mná mar an gcéudna, do chur éuduigh iomchúbhaidh iompa, maille ré hadhnáire agus ré macántus; ní ré grúaig chasda, ná ré hór, ná ré péurlaighibh, ná ré cúluigheachuibh mórluáidh;

10 Achd (mar is cúbhaidh do mhnáibh gheallus crábhádh) ré deaghoibrighibh.

11 Déunadh an bhean fóghluim a gcíuinus maille ris a nuile úmhlachd.

12 Oír ní thuguim cead do mhnáoi teagusg do thabhairt uáithe, ná ceannas do bheith aice ós cionn a nfir, achd bheith na tóchd.

13 Oír a sé Adhamh do crúthuigheadh ar tús, agus na dhiáigh sin Eúbha.

14 Agus ní hé Adhamh do mealladh, achd ar mbeith don mhnáoi ar na mealladh a sí bá ciontach ré briseadh na háithne.

15 Gidheadh slaineóchthar í ré breith cloinne, dá gcomhnuighid said a gcreideamh agus a ngrádh agus a náomhthachd maille ré macántus.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6