1 Na himdhearg seanóir, achd teaguisg é mar athair; agus na hogánuigh mar dhearbhráithre;
2 Na mná áosda mar mháithre, agus na mná óga mar dheirbhsheathracha, maille ris a nuile fhíorghloine.
3 Tabhair onóir do bhainteabhachuibh noch atá na mbaintreabhacha dhá ríribh.
4 Gidheadh má tá baintreabhach ar bith agá bhfuil clann no clan chloinne, déunuidís fóghluim ar tús ar íad féin thaisbéunadh go díagha ann a dtíghthibh féin, agus ar mhálairt do thábhairt dá dtuismightheóiribh: óir ís ní maith geanamhuil so a bhfíadhnuisi Dé.
5 Agus an bhean atá na baintreabhuigh dhá ríribh, agus ar na fagbháil na háonar, cuíridh sí a muinighin a Ndía, agus comhnuidhe sí do ló agus doidhche a nguidhe agus núrnuighibh.
6 Achd an bhaintreabhach do bheir í féin do mhacnus air mbeith dhí beó atá sí marbh.
7 Uime sin áithin na neithese dhíobh, ionnus go mbeidís neamhlochdach.