13 Agus fós ar mbeith dhóibh díomháoin, fóghlumuid síad dul fá gcúairt ó thigh go tígh; agus ni hé amháin bheith díomháoin, achd bíodánach mar an gcéudna agus dá sáthadh féin sna neithibh nach beanann ríu, ag rádh neitheann nach bí ionnráidh.
14 Uime sin as toil leam na mná óga fir do phósadh, clan do bhreith, aire do thabhairt do ghnothuighibh an tíghe, agus gan cionfátha ar bith do thabhairt do náidhbherseóir ré labhairt go holc.
15 Oír do fhilleadar dream áirighe cheana ar a nais a ndiáigh Shatáin.
16 Má atá fear nó bean don druing chreideas agá bhfuilid baintreabhacha, tugaidís dhóibh fóirighin a ríachdanuis, agus ná bíodh a muirighin ar a neagluis; ionnus go mbíadh go lór aice ré thabhairt do na fíobhaintreabhachuibh.
17 Na sinnsir ríaghluigheas go maith, bíodh meas orrtha gur fíu onóir dhúbalta íad, go mórmhór an luchd sháothruigheas sa mbréithir agus a dteagusg.
18 Oír a deir an sgriobtúir, Ná cuir ceangal ar bhéul an daimh bhrisios an tarbhar. Agus, As fíu an toibrighe lúach a sháothair.
19 Ná gabh casáoid a naghuidh sheanóra, gan fíadhnuisi deisi nó trír.