17 Na sinnsir ríaghluigheas go maith, bíodh meas orrtha gur fíu onóir dhúbalta íad, go mórmhór an luchd sháothruigheas sa mbréithir agus a dteagusg.
18 Oír a deir an sgriobtúir, Ná cuir ceangal ar bhéul an daimh bhrisios an tarbhar. Agus, As fíu an toibrighe lúach a sháothair.
19 Ná gabh casáoid a naghuidh sheanóra, gan fíadhnuisi deisi nó trír.
20 An dream pheacuidheas imdhearg íad a bhfíadhnuisi cháich uile, ionnus go ngéubhadh eagla an chuid eile mar an gcéudna.
21 Cuírim dúalach ort a bhfíadhnuisi Dé, agus an Tíghearna Iósa Criósd, agus na naingeal toghtha, na neithese choiméud gan suim do bheith agad a neach seach ar oile, gan ní ar bith dhéunamh dhuit go cláon.
22 Ná cuir lámha go hobann ar áoinneach, agus ná bí pártach ré péacuighibh dháoineadh eile: connaimh thú féin glan.
23 Ná híbh uisge ní sa mhó, achd cleachd beagan fíona ar son do ghaile agus héugcruás minic.