6 Achd an bhaintreabhach do bheir í féin do mhacnus air mbeith dhí beó atá sí marbh.
7 Uime sin áithin na neithese dhíobh, ionnus go mbeidís neamhlochdach.
8 Agus má atá aonduine nách déun soláthar dá dháoinibh féin, agus go mórmhór do luchd a thíghe, do shéun sé an creideamh, agus is measa é ná neach gan chreideamh.
9 Toghthar baintreabhach nach bí ní sa lugha ná trí fichid blaidhan dáois, do bhí na mnáoi éinfhir.
10 Ar a raibh teisd mhaith as a deaghoibrighthibh, má ghlac sí dáoine air aoidheachd, má dionnuil sí cosa na náomh, má thug sí fóirighthin do luchd anshoigh, má lean sí do ghnáth gach déaghobair.
11 Achd diúltuigh na bainteabhachá óga: óir ar mbeith dhoíbh macnasach a naghuigh Chríosd, is mían ríu pósadh;
12 Agá bhfuil damnughadh na gcionn, do bhrígh gur thréigeadar an céud chreideamh.