8 Agus má atá aonduine nách déun soláthar dá dháoinibh féin, agus go mórmhór do luchd a thíghe, do shéun sé an creideamh, agus is measa é ná neach gan chreideamh.
9 Toghthar baintreabhach nach bí ní sa lugha ná trí fichid blaidhan dáois, do bhí na mnáoi éinfhir.
10 Ar a raibh teisd mhaith as a deaghoibrighthibh, má ghlac sí dáoine air aoidheachd, má dionnuil sí cosa na náomh, má thug sí fóirighthin do luchd anshoigh, má lean sí do ghnáth gach déaghobair.
11 Achd diúltuigh na bainteabhachá óga: óir ar mbeith dhoíbh macnasach a naghuigh Chríosd, is mían ríu pósadh;
12 Agá bhfuil damnughadh na gcionn, do bhrígh gur thréigeadar an céud chreideamh.
13 Agus fós ar mbeith dhóibh díomháoin, fóghlumuid síad dul fá gcúairt ó thigh go tígh; agus ni hé amháin bheith díomháoin, achd bíodánach mar an gcéudna agus dá sáthadh féin sna neithibh nach beanann ríu, ag rádh neitheann nach bí ionnráidh.
14 Uime sin as toil leam na mná óga fir do phósadh, clan do bhreith, aire do thabhairt do ghnothuighibh an tíghe, agus gan cionfátha ar bith do thabhairt do náidhbherseóir ré labhairt go holc.