1 Tugadh gach a bhfuil do shearbhfhoghantuighuibh faói chuing meas gur fiu a maighisdreagha a nuile onóir dfagháil, ionnus nach bhfuigheadh aimn Dé agus a theagusg sgannail.
2 Agus an dream agá bhfuilid maighisdreadha deaghchreidmheacha, ná bíodh tarcuisne aca orrtha do bhrígh gur dearbhráithre íad; achd go madh móide dhéanuid seirbhis, do bhrígh go bhfuilid síad deaghchreidmheach grádhach, agus pártach sa dtiodhlacadh. Múin agus teaguisg na neithese.
3 Dá dtabhruidh áoinneach atharrach teaguisg úadha, agus nach dtabhair áonta do bhriathruibh falláin, bríathra ar Dtíghearna Iósa Críosd, agus don teagusg atá réir dhiaghachda;
4 Atá sé uáibhreach gun fios áoinneithe aige, achd é ar sáobh céille a dtimcheall cheasdann agus imreasan focal, tré na dtig miosguis, connsbóid, anchaint, droch bharamhla,