13 Aithním dhíot bhfíadhnuisi Dé bhéodhuigheas na huile neithe, agus Iósa Críosd, noch do rinne fíadhnuisi agus admháil mhaith a láthair Phuinc Phíolaid:
14 Na haitheantasa do choimhéud gan cháidh, gan lochd, go teachd ar Dtíghearna Iósa Críosd:
15 Noch fhoillseochas na ám féin, an tí atá beannuighe eadhon an Coímhdhe cúmhachdach na áonar, Rí na ríghtheadh, agus Tíghearna na dtíghearnadh;
16 Agá bhfuil an neamhmarbhthachd na áonar féidir dáonneach a rochduin; nách bhfácuidh duine ríamh, agus nach bhféudann fhaicsin: onóir agus cúmhachd síorruidhe dhó. Amen.
17 Fogair don druing atá sáibhbhir sa tsáoghalsa, gan bheith áirdinntinneach, ná a muinighin do chur a sáidhbhreas neamhbuáin, achd sa Día bheó do bheir dhúinne go sáidhbhir na huile neither chum a ccaithmhe;
18 Máith do dhéunamh, bheith sáidhbhir a ndéaghoibrighthibh, éusguidh fá na gcuid do thabhair úatha, agus do róinn maille ré cumann;
19 Císde chur a dtaisge ar fhondaimeint mhaith dhóibh féin ré haghuidh na haimsire atá chum teachda, chum na béatha marrthannuigh do ghnódhughadh dhóibh.