2 Agus an dream agá bhfuilid maighisdreadha deaghchreidmheacha, ná bíodh tarcuisne aca orrtha do bhrígh gur dearbhráithre íad; achd go madh móide dhéanuid seirbhis, do bhrígh go bhfuilid síad deaghchreidmheach grádhach, agus pártach sa dtiodhlacadh. Múin agus teaguisg na neithese.
3 Dá dtabhruidh áoinneach atharrach teaguisg úadha, agus nach dtabhair áonta do bhriathruibh falláin, bríathra ar Dtíghearna Iósa Críosd, agus don teagusg atá réir dhiaghachda;
4 Atá sé uáibhreach gun fios áoinneithe aige, achd é ar sáobh céille a dtimcheall cheasdann agus imreasan focal, tré na dtig miosguis, connsbóid, anchaint, droch bharamhla,
5 Diosbóireachd chíapálach dhaóineadh truáilligh na ninntinn, agus atá dealuighthe ris a nfírinne, agus shaóileas gur díaghachd a néudáil: dealuidh ré na samhuil sin do dhaóinibh.
6 Gidheadh is éudáil mór an díaghachd maille ré neach bheith sásdadh ré na staid féin.
7 Oír ní thugamar ní ar bith linn air a tsáoghal, is follas fós nach féidir linn éinní bhreith as.
8 Uime sin an feadh atá bíadh agus éudach aguinn ar fághail go madh lór linn é.