4 Atá sé uáibhreach gun fios áoinneithe aige, achd é ar sáobh céille a dtimcheall cheasdann agus imreasan focal, tré na dtig miosguis, connsbóid, anchaint, droch bharamhla,
5 Diosbóireachd chíapálach dhaóineadh truáilligh na ninntinn, agus atá dealuighthe ris a nfírinne, agus shaóileas gur díaghachd a néudáil: dealuidh ré na samhuil sin do dhaóinibh.
6 Gidheadh is éudáil mór an díaghachd maille ré neach bheith sásdadh ré na staid féin.
7 Oír ní thugamar ní ar bith linn air a tsáoghal, is follas fós nach féidir linn éinní bhreith as.
8 Uime sin an feadh atá bíadh agus éudach aguinn ar fághail go madh lór linn é.
9 Achd an dream lér mían bheith saidhbhir tuitid síad a gcáthughadh agus a ndul, agus a niomad ainmhían éigcéillidhe díoghbhalacha, nach mhúchas daóine a sgríos agus a milleadh.
10 Oír a sé grádh a nairgid fréumh na nuile olc: noch ar mbeith do dhruing áirighe dhá shauntughadh, do chúadar ar seachrán ón gcreideamh, agus do tholladar íad féin thríothadh ré hiomad dóilghis.