6 Gidheadh is éudáil mór an díaghachd maille ré neach bheith sásdadh ré na staid féin.
7 Oír ní thugamar ní ar bith linn air a tsáoghal, is follas fós nach féidir linn éinní bhreith as.
8 Uime sin an feadh atá bíadh agus éudach aguinn ar fághail go madh lór linn é.
9 Achd an dream lér mían bheith saidhbhir tuitid síad a gcáthughadh agus a ndul, agus a niomad ainmhían éigcéillidhe díoghbhalacha, nach mhúchas daóine a sgríos agus a milleadh.
10 Oír a sé grádh a nairgid fréumh na nuile olc: noch ar mbeith do dhruing áirighe dhá shauntughadh, do chúadar ar seachrán ón gcreideamh, agus do tholladar íad féin thríothadh ré hiomad dóilghis.
11 Achd tusa, óglaóich Dé, seachuin na neithese; agus lean dfíréuntachd, do dhíaghachd, do chreideamh, do ghrádh, dfoighid, agus do cheannsachd.
12 Déun comhrac maith sa gcreideamh, beir greim ar an mbeatha mharrthannuigh, chum ar goireadh thú, agus ar a ndearnuídh tú admháil mnhaith a láthair mhoráin dfíaghnuibh.