1 Pol, absdal Iósa Críosd tré thoil Dé, agus an dearbhráthair Timotéus, chum eagluisi Dé noch atá a Gcorintus, maille ris na huile náomhuibh atá ar feadh na Hachaía:
2 Grása maille ribh agus síothchain ó Dhía ar Nathair, agus ón Dtighearna Iósa Críosd.
3 Glóir agus moladh do Dhía, eadhon Athair ar Dtighearna Iósa Críosd, Athair na trócaire, agus Día na huilé fhurtachda;
4 Do bheir furtachd dúinn ann ar nuile thriublóid, ionnus go dtiucfadh dhínn comhfhurtachd do thabhairt don druing ar a mbí buáidhreadh ar bhith, trés an gcomhfhurtachd ré a bhfaghmaóid féin furtachd ó Dhía.
5 Oír amhuil mar líonus páis Chríosd ionnuinn, as amhluidh sin líonus ar bhfurtachd mar an gcéadna tré Chríosd.
6 Agus más buáidhirt dúinn, ar son bhur gcomhfhurtachdasa agus bhur slánuighe, noch más furtachd duinn, ar son bhur gcomhfhurtachdasa agus bhur slánuighe, oibrighthear ionnuibh a bhfulang a námhgair chéudna fhuilngemid féin.
7 Agus atá meinighin dhaingean aguinn asuibhsi, do bhrígh go bhfuil a fhios aguinn, mar do gheibh sibh bhur gcuid don nanshógh, go bhfuighe sibh bhur gcuid don tsógh mar an gcéudna.