2 Ccorintiánach 6 BEDELL

Caibidil VI

Go bhfuil buille na bfiréin ag meudughadh an subhailce agus a nionnracus; 14 agus go gcaidrigh Día ag an fhear sheachnas cumann dhaoine gan chreideamh.

1 Agus ar mbeith dhúinne, ag cungnamh rision, íarrmuid fós dathchuinghe oruibh gan ghrás Dé do ghabhail chuguibh do díomhaóin.

2 (Oír a deir sé, Do éisd mé riot a nám iomchubhaidh, agus a ló an tslánaighthe tug mé cabhair dhuit: féuch, a nois an tam iomchubhaidh; féuch, a nois lá an tslánaighthe.)

3 Ní thabhramaoid adhbhar ar bith oilbhéime uáinn a néinní, deagla go mbeith an mhiniosdrálachd dá diomoladh:

4 Achd do nímid sinn féin ionmholta sa nuile ní mar mhinisdribh Dé, ré foighid fhada, a mbuáidhearthuibh, a raichdanus, a namhgar.

5 A mbuillidhibh, a bpriosúnuibh, a ndíbirt ó áit go háit, a sáothar, a bhfaire, a dtroisgibh;

6 A ngeanmnuidheachd, a néolus, a niomchar fhada, a macántas, máille ris an Sbiorad Náomh, máille ré grádh neamhfhallsa,

7 Maille ré bréíthir na fírinne, maille ré cúmhachd Dé, maille ré harmuibh fíréuntachda air ar láimh dheis agus chlé,

8 Tré onóir agus easonóir, tré dhrochtheisd agus dheaghtheisd: mar mhealltóirigh, agus íad fírinneach;

9 Mar dhruing nach aitheantar, agus déghaitheanta; mar ag fagháil bháis, agus, féuch, atámuid béo; mar smachduighthe, agus gan a marbhadh;

10 Mar ag déunamh doilgheasa, achd do ghnáth ag déunamh gáirdeachais; mar bhochda, gidheadh do ní morán saidhbhir; mar dhaónibh gan ní air bith aca, gidheadh do shealbhuigheas na huile neithe.

11 O a Chorinthiánacha, atá ar mbéulne osguilte chuguibhse, atá ar gcroidhe ar na dhéunamh fairsing.

12 Ní bhfuiltí ionnuinne dá bhur gcongmháil a gcúmhgach, achd atá sibh cúmhang ann bhur ninnibh féin.

13 Achd dfághail an chúitigh chéudna, (labhruim amhuil rém chloinn,) bighidhse fairsing mar an gcéudna.

14 Ná hiomchruidh cuing mhiochomhthrom a bhfochair dhaóineadh gan chreideamh: oír créd é caidreabh na fíréuntachda ré neamhfhiréuntachd? nó créd é cumann an tsolais ris a ndorchadas?

15 No ciommus thig Críosd agus an diabhal ré chéile? nó créd í cuid an tí chreideas don tí nach ccreideann?

16 Nó créd é an ceangal do bhíadh ag teampoll Dé agus ag iodhaluibh ré chéile? óir is sibhse teampoll Dé bhí; do réir mar a dubhairt Día, Biáidh mé um chómhnuidhe ionnta, agus siubhólad na measg; agus biáidh me um Dhía aca, agus béid síadsan na bpobal agamsa.

17 Uime sin taguidh amach as a lár, agus dealuighe ríu, a deir an Tighearna, agus ná bíodh buáin aguibh ré ní neamhghlan; agus géubhuidh misi chugam sibh,

18 Agus biáidh mé aguibh um Athair, agus biáidh sibhse bhar gcloinn mhac agus inghean agumsa, a deir Tighearna na Nuilechúmhachd.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13