8 Oír ní háil linn, ainbhfeas do bheith aruibh, a dhearbhráithre, a dtáobh na buáidheartha thárrla dhúinn sa Násia, eadhon, gur brúghadh tar mhógh sinn, ós cionn ar neirt, ionnus go raibh amharus aguinn fós air a bheith béo:
9 Achd do bhreathbuigheamar ionainn féin go rabhamar fá bhreith an bháis, ionnus nach asuinn féin do bhíadh muinighin aguinn, achd as Día dhúisigheas na mairbh:
10 Noch do sháor sinn ó na chomhór sin do bhás, agus sháorus sinn: as a bhfuil ar ndóigh go sáorfuidhe sé sinn fós mar an gcéudna;
11 Ar mbeith dhíbhse ag cómhchúngnamh ré chéile a núrnuighe air ar son, ionnus go ttiubhradh mórán buidheachus air ar soinne do bhrigh an tiodhlaice fúaramar air son mhóráin dáoinibh.
12 Oír a sé so ar ngáirdeachaisne, fíadhnuisi ar ccoinnsiáis, gur a neamhurchóid agus a bhfíorghloine dhíadha, agus nach a ngliocas colluidhe, achd maille ré grás Dé, do bhí ar gcoinbhearsáid sa tsáoghal, agus go mórmhór eadruibhsi.
13 Oír ní néithe eile sgriobhamaóid chugaibh, achd na neithe léigheas sibh nó fós aga bhfuil a bhfios dearbhtha aguibh; agus atá suil agam go mbiáidh sibh déimhneach asda go dteachd don chrich dhéigheanuidh.
14 Amhuil do admhuigh sibh a gcáíl, gur sinne bhur ngáirdeachas, mar as sibhse ar ngáirdeachaisne a ló an Tighearna Iósa.