1 Anois sirimse Pól dathchuinge oraibh tré mhacántus agus cheannsachd Chríosd, noch ar mbeith dhamh do láthair bhíos íseal eadruibh, achd do ní dánachd oruibh an tan nach bím bhur lathair:
2 Achd iarruim dathchuinge oruibh chum go mbíam teann an tan bhías mé bhur lathair, leis a ndánachd céudna ré a saóilthear mé bheith teann a nadhuigh druinge áirighe, mhéusas sinn mar do bheimís ag siubhal do réir na féola.
3 Oír ar mbeith dhúinn ag siubhal sa bhfeóil, ní do réir na féola nímid cogadh:
4 (Oir ar náirm coguidh ní féolmhar íad, ach cúmhachdach ó Dhía, chum daingneach do leagadh sios;)
5 Ag cur theilgin na hinntinne ar gcúl, agus gach uile áirde dá nárduigheann é féin a nadhuigh éolais Dé, agus ag breith gach uile smuáintighe a mbráighdeanus chum úmhluighthe do Chríosd.
6 Agus agá bhfuil díoghaltus ullamh ré dhéunamh ar a nuile easúmhlachd, an tan choimhlíontar bhur númhlachdsa.
7 An do réir a bhfaicseana mheasas sibh neithe? Má atá dóthchas ag áoinneach as féin gur lé Críosd é, smuáineadh sé so a rís úadh féin, amhuil is ré Críosd eision, gur lé Críosd sinne fós mar an gcéudna.