4 (Oir ar náirm coguidh ní féolmhar íad, ach cúmhachdach ó Dhía, chum daingneach do leagadh sios;)
5 Ag cur theilgin na hinntinne ar gcúl, agus gach uile áirde dá nárduigheann é féin a nadhuigh éolais Dé, agus ag breith gach uile smuáintighe a mbráighdeanus chum úmhluighthe do Chríosd.
6 Agus agá bhfuil díoghaltus ullamh ré dhéunamh ar a nuile easúmhlachd, an tan choimhlíontar bhur númhlachdsa.
7 An do réir a bhfaicseana mheasas sibh neithe? Má atá dóthchas ag áoinneach as féin gur lé Críosd é, smuáineadh sé so a rís úadh féin, amhuil is ré Críosd eision, gur lé Críosd sinne fós mar an gcéudna.
8 Oír biodh go ndéanuinn ní éigin ní sa mhó do mhórdháil as na cúmhachduibh atá aguinn, tug an Tighearna dhúinn chum bhur bhfollamnuighthesi, agus ní chum bhur gcurtha ar gcúl, ní bhíadh adhnáire oram:
9 Achd ionnus nach measfuighe mé mar bhéinn ag cur eagla oruibh rém litribh.
10 Oir atáid na litreacha, (a deirid siad,) nimhneach láidir; achd is meirbh a phearsa a láthair, agus ní bhfuil éifeachd na bhríathruibh.