7 Agus íarruim dathchuinghe ar Dhía gan sibhse do dhéanamh uile ar bith; ní chum go measfuidhe sinne do bheith dearbhtha, achd chum sibhse do dhéunamh neithe iomchubhaidh, bíodh go mbeimísne éidearbhtha.
8 Oír ní féidir linn ní ar bith do dhéanamh a nádhuigh na firinne, achd ar son na fírinne.
9 Oír bí lúathgháir oruinn, an tan bhímid féin éugcruáidh, agus sibhse láidir: agus íarrmuid so dathchuinghe ar Dhía mar an gcéudna, eadhon sibhse do bheith doingmhálta.
10 As uime sin sgriobhuim na neithe so ar mbeith dhamh as bhur láthair, deagla mo bheith borb ar mbeith a lathair dhamh, do réir na gcúmhachd tug an Tíghearna dhamh chum follamnuighthe, agus ní chum sgriosda.
11 An cuid eile dhe, a dhearbhráithreacha, biodh gáirdeachas oruibh. Bighidh diongmhálta, bíodh deaghmheisneach aguibh, bíghidh déininntinn, leanuidh don tsíothcháin; agus biáidh Día an ghradha agus na siothchána maille ribh.
12 Teannuidh féin ré chéile maille ré póig náomhtha.
13 Cuirid na náoimh uile a mbeannachd chuguibh.