9 Oír bí lúathgháir oruinn, an tan bhímid féin éugcruáidh, agus sibhse láidir: agus íarrmuid so dathchuinghe ar Dhía mar an gcéudna, eadhon sibhse do bheith doingmhálta.
10 As uime sin sgriobhuim na neithe so ar mbeith dhamh as bhur láthair, deagla mo bheith borb ar mbeith a lathair dhamh, do réir na gcúmhachd tug an Tíghearna dhamh chum follamnuighthe, agus ní chum sgriosda.
11 An cuid eile dhe, a dhearbhráithreacha, biodh gáirdeachas oruibh. Bighidh diongmhálta, bíodh deaghmheisneach aguibh, bíghidh déininntinn, leanuidh don tsíothcháin; agus biáidh Día an ghradha agus na siothchána maille ribh.
12 Teannuidh féin ré chéile maille ré póig náomhtha.
13 Cuirid na náoimh uile a mbeannachd chuguibh.
14 Grása an Tighearna Iósa Críosd, agus grádh Dé, agus cumann an Sbioruid Náoimh, maille ribh uile. Amén.