2 Oír má chuirimse doilgheas oraibhse, cía hé chuireas sólás oram féin, achd an tí atá fá dhoilgheas dom tháobh?
3 Agus as chuige do sgríobh mé a ní so féin chugaibh, deagla, ar dteachd dhamh, go ngéubhadh doilgheas air muin doilghis mé fán muinntir, agár chóir dhamh gáirdeachas do bheith oram dhá dtáobh; ar mbeith dhamh muinighineach asaibh uile, gur ab é mo ghairdeachasa, bhur ngáirdeachasa uile.
4 Oír is as buáidhirt mhóir agus as dóilgheas croidhe do sgríobh mé chugaibh maille ré hiomad déur; ní chum dóilgheasa do chur oraibh, achd chum go dtuigfeadh sibh an grádh ro líonmhar atá agam dhíbh.
5 Achd má tháinic dóilgheas do tháobh éunduine, níor chuir sé dóilgheas oramsa, achd a gcáilibh; ionnus nach gcuirfinn ro úalach oruibhse uile.
6 Is lór dhá leitheid sin do dhuine an timdheargadh, fuáir sé ó mhórán.
7 Ionnus a nois contrárrdha dhó sin gur córa dhíbh maitheamhnus do thabhairt dó, agus sólás do chur air, deagla go sluigfidhe súas é lé hiomarcuidh doilghís.
8 Uime sin íarruim dathchuinghe oruibh bhur ngrádh do dhainniughadh dhá tháobh.