10 Oír an ní ud do rinneadh glórmhar ní dhearnadh glórmhar é sá chás so, a bhfarradh na glóire is áirde.
11 Oír má bhí an ní sin curthar ar gcúl glórmhar, as ro mhó ná sin atá an ní comhnuightheach glórmhar.
12 Uime sin ar mbeith dhá shamhuil so do mhuinghin aguinn, chleachdmaóid dánachd mhór:
13 Agus ní bhfuílmid mar Mhaóisi, do fholuidh a aghaidh, ionnus nach bhféuchfadóis clanna Israél go grinn air chrích a neithe churthar ar gcúl:
14 Uime sin do dalladh a ninntinn: óir gus a niugh a léighthóireachd na seantiomna fanuidh an folach céadna gan áthrughadh; noch curthar ar gcúl ré Críosd.
15 Achd fós gus a niugh, an tan léighthear Maóisi, curthar an folach ar a gcroidhthibh.
16 Gidheadh an tan fhillfid síad chum an Tighearna, toigéubhthar an folach úatha.