13 Agus ní bhfuílmid mar Mhaóisi, do fholuidh a aghaidh, ionnus nach bhféuchfadóis clanna Israél go grinn air chrích a neithe churthar ar gcúl:
14 Uime sin do dalladh a ninntinn: óir gus a niugh a léighthóireachd na seantiomna fanuidh an folach céadna gan áthrughadh; noch curthar ar gcúl ré Críosd.
15 Achd fós gus a niugh, an tan léighthear Maóisi, curthar an folach ar a gcroidhthibh.
16 Gidheadh an tan fhillfid síad chum an Tighearna, toigéubhthar an folach úatha.
17 Achd as é an Tighearna an Sbíorad sin: agus gidh bé hionad ann a bhfuil Sbiorad an Tighearna, atá sáoirse ann sin.
18 Agus ar mbeith dhúinn uile, gan folach air ar nadhuigh ag féuchuinn ghlóire an Tighearna amhuil do bhíadh a sgathán, curthar a náithearrach crotha sinn sa niomháigh chéudna sin ó ghlóir go glóir, ré Sbioruid an Tighearna.