5 Ní hé go bhfuilmíd cumasach ar áoinní smuáineadh uáinn féin mar uáinn féin; achd is ó Dhía atá ar gcumas;
6 Noch fós do rinne minisdrí iomchubhaidh dhínn don tiomna núadh; ní don litir, achd don sbioruid: óir marbhuidh an litir, achd do bheir an sbiorad beatha.
7 Agus má bhí miniosdrálachd an bháis, a litribh ar na tharruing a gclochaibh, glórmhar, ionnas nar bhfeidir ré clannuibh Isráel féucháin go gér air aghaidh Mháoisi tre dheallruigh a ghnúisi; noch do cuireadh ar gcúl:
8 Cionnus nach mbiáidh miniosdrálachd na sbioruide ní sa ghlormhuire?
9 Oír má bhí miniosdrálachd an damnuighte glórmhar, as ro mhó ná sin bheireas a miniosdrálachd na fíreantachda bárr a nglóir.
10 Oír an ní ud do rinneadh glórmhar ní dhearnadh glórmhar é sá chás so, a bhfarradh na glóire is áirde.
11 Oír má bhí an ní sin curthar ar gcúl glórmhar, as ro mhó ná sin atá an ní comhnuightheach glórmhar.