1 Ar a nadhbharsin ar mbeith don mhiniosdrálachdsa aguinn, do réir mar fúaramar trócaire, ní theighmid a nanbhfuinne;
2 Achd do thréigeamar na neithe folaightheach míomhacántuis, ní ag siubhal a cceilg, ná ag truáilleadh bhréithre Dé; achd maille ré foillsiughadh na fírinne do nímid sinn féin ionmholta do choinsias gach áon a bhfíadhnuisi Dé.
3 Uime sin má atá ar soisgéulne ar na fholach, is ar an druing théid amúgha atá sé ar na fholoch:
4 Agar dháll día an tsáoghailse a ninntinn noch atá ar dhíth creidimh, ionnus nach bíadh soillse shoisgéil ghlórmhair Chríosd, noch is íomháigh Dé, ag dealrughadh dhóibh.
5 Oír ní sinn féin do nímid do sheanmóir, achd Iósa Críosd an Tighearna; agus sinn féin do bheith dháoibhse ar searbhfhoghantuighibh ar son Iósa.
6 Oír a sé an Día, do aithin don tsolas soillsiughadh as an dorchadus, do dhealruidh ann ar gcroidhibhne, chum soillsi éolais ghlóire Dé do thabhairt uáinn a ngnúis Iósa Críosd.