6 Oír a sé an Día, do aithin don tsolas soillsiughadh as an dorchadus, do dhealruidh ann ar gcroidhibhne, chum soillsi éolais ghlóire Dé do thabhairt uáinn a ngnúis Iósa Críosd.
7 Gidheadh atá an tionnmhus so aguinn a soithighibh críadh, chum oirdhearcuis an chúmhachd sin do bheith ó Dhía, agus ní uainn féin.
8 Bímid dar mbuáidhreadh ar gach táobh, ge nach ccurthar a gcúmhgach sinn; bímid a gconntabhairt, gé nach dtéid sin a néudóthchas;
9 Bí gérleanmhuin dá déunamh oruinn, gidheadh ní tréigthear sinn; teilgthear síos sinn, gidheadh ní théighmid amúgha;
10 Iomchramaóid ann ar ccorp fá gcuáirt sna huile áitibh bás an Tighearna Iósa, ionnus go mbeith beatha Iósa mar an gcéudna folus ann ar gcorp.
11 Oír sinne áta béo bímid do shíor dar ccur chum báis ar son Iósa, ionnus go mbeith beatha Iósa follus mar an gcéudna ann ar bhfeóil shomharbhtha.
12 Uime sin bí an bás ag oibriughadh ionnuinne, agus an bheatha ionnuibhsi.