8 Bímid dar mbuáidhreadh ar gach táobh, ge nach ccurthar a gcúmhgach sinn; bímid a gconntabhairt, gé nach dtéid sin a néudóthchas;
9 Bí gérleanmhuin dá déunamh oruinn, gidheadh ní tréigthear sinn; teilgthear síos sinn, gidheadh ní théighmid amúgha;
10 Iomchramaóid ann ar ccorp fá gcuáirt sna huile áitibh bás an Tighearna Iósa, ionnus go mbeith beatha Iósa mar an gcéudna folus ann ar gcorp.
11 Oír sinne áta béo bímid do shíor dar ccur chum báis ar son Iósa, ionnus go mbeith beatha Iósa follus mar an gcéudna ann ar bhfeóil shomharbhtha.
12 Uime sin bí an bás ag oibriughadh ionnuinne, agus an bheatha ionnuibhsi.
13 Agus do bhrígh gur ab áon chreideamh atá aguinn, do réir a neithe atá sgríobhtha, Do chréid mé, agus ar a nadhbharsin do labhair mé; creidmidne fós, agus ar a nadhbharsin labhramaóid mar an gcéudna;
14 At mbeith a fhios aguinn an tí do thóg súas an Tighearna Iósa go dtoigéubhaidh sé sinne mar an gcéadna tré Iósa, agus do dtiubhra sé sinn bhur lathairse.