12 Oír ní bhfuilmís a rís dar moladh féin ribhse, achd do bheirmíd fáth gáirdeachais díbh dhár dtáobh, ionnus go mbíadh freagra aguibh ré thabhairt ar an druing do ní gáirdeachas a ngnúis, agus ní a gcroidhe.
13 Oír má atámuid ar saóbh chéille, is do Dhía atámuid ar saóbh céille: nó más deaghchíall atá aguinn, is daóibhse atámuid ar dheaghchéill.
14 Oír atá grádh Chríosd dar mbrosdughadh; ar na bhreathnughadh so dhúinn, eadhon má fuáir éunduine bás ar son na nuile, go bhfúaradar uile bás:
15 Agus go bhfuáir seisean bás ar son na nuile, ionnus nach bíadh an dream atá béo ó so amach béo dhóibh féin, achd don to fuáir bás ar a son, agus do éiséirghe.
16 Uime sin né haithne dhúinne ó só amach éunduine do réir na féola: agus, bíodh go raibh aithne aguinn ar Chríosd do réir na féola, gidheadh ní haithne dhúinn a nois féasda é.
17 Ar a nadhbharsin má atá éunduine a Gcríosd, is créutúr núadh é: do imthigheadar na seinneithe thoruinn; feuch, do rinneadh na huile neithe núadh.
18 Agus as ó Dhía atáid uile, noch do reidhigh sinne ris féin tré Iósa Críosd, agus tug dhúinne miniosdrálachd an réitigh sin;